Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- lth 174 Ceaircín Sheáin Bháin
I
Bhí cearc ag Seán Bán is ba dheise í ná an péaclach
ubh agus céad a bheireadh sí sa ló
nuair tháinig an sionnach go bordán na céime
agus thug sé don ruaig sin , isteach go Tír Eoghain
"Gog gog " arsa an chearc is í dul ar marbh
Nach trom agus tuirseach é aithris mo sgéal
Caol bheach mo leabthan agus athair mo clainne
mo bhrón agus mo dheacair ní feicfeadh go h-éag.
II
Acht anois teacht an Earraigh ó tharla mo bhaintreabhaigh
agus ní piocfadh gráinne earraigh a fhásas sa chré
Beirimse bunscéalta mo mhallacht go moch agus ar maidin
Go mná ghoire leathna a marbh a gcéim
D'éirigh mná an bhaile amach lár na bhárach
Sé dubhairt an bhean chabach bhí torrach le raithche(ráithe)
Gheobhaidh mé bás le dúil sa bhfeól
Marbhaigh an coileach sin agut(agat) agus bainaigh a ghráigh is a sprochall mór
III
Leagas ar an gclár é is rinneadh a mheádhchan
agus bhíos lán tsásta é bhruth is a dhóghadh
Bhí leath uair bheag eile go fad ar a shaoghal
gur sciurr fear a' tigh isteach tobann go leór
"M'anam do Dhia is m'anam do Chríost
Céard tá sibh a dhéanamh agus gan aon bhaint agaibh dó
An t-Éinín beag beannuighthe a tháinig ar dídhean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Búrca
- Inscne
- Baineann