Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 217
- XML “An tAmadán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An tAmadán.
Bhí buachaill ann fadó dár b'ainm Tomás. Bhí sé in a chómhnuidhe len a mhátair agus amadán a bhí ann. Chuir a mháthair chuig an aonaí é agus píosa bréidín len a dhíol. Ní fhuair sé aon cheannach dó an lá sin agus thosuigh sé ag tarraingt ar an bhaile nuair nach bhfuair sé aon cheannacht dhó. Ar a' mbealach abhaile dhó thosuigh an lá ag báistighe agus luigh sé fé bhun chrainn chun an bháisteach a leigint thairis.
Fé cheann sgathaimh thosuigh an crann ag silt. Shíl sé gur ag caoineadh a bhí sé agus sgar sé an brídín air. D'imthigh sé abhaile. Nuair a tháinig sé abhaile bhí a mháthair ag troid leis nuair nach dtug sé abhaile leis é. Annsin dubhairt sé go rachadh sé ar thóir an bhréidín go dtí an crann.
Dimthigh sé leis nó go dtáinig sé chómh fada leis an gcrann acht amharc ní raibh le fághail ar an mbréidín. Thosuigh sé ag bualadh an chrainn nó go raibh sé sgeanta go dtí na rútaí. Chonnaic sé píosaí deasa buidhe ag lonnradh ann. Ní raibh fhios aige ó Dhia anuas céard a bhí ann. Rith sé abhaile agus d'innis sé d'á mháthair go raibh siad ann. Bhí fhios ag a mháthair go maith céard a bhí ann.
D'imthigh siad leo go dtí an crann agus céard a bheadh ann rómpa acht gaduidhe agus é ag piocadh óir. Thugadar leo abhaile an gaduidhe agus an t-ór agus chuir an mháthair an t-ór i bhfolach i ngan fhios(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 8
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraic Seoighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe