School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 238
- XML “Caisleán an Bharraigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I
I gCaisleán a' Bharraigh seadh chodail mé aréir
Ar chodhladh na leabthan lé grádh geal mo chroidhe,
Ag cur mo láimh tharaim go bpógfainn a béal
Ní fhuair mé sa leabaidh acht na ballaí 's mé féin.
II
Is fada mé ag fuaidreamh ag cur tuairisc mo thighe
A thuairisc ní bhfuaireas i mbaile no i dtír
Nó go bhfacthas an stuadh bhean ar thaobh cnuic 'na suidhe
Is a cúilín donn gruaige ag fuaidreamh le gaoith.
III
“Muise a Sheáin an bhfuil tú sásta le Máire maicroidhe? (mar mhnaoi?)”
“O tuige nach mbéinn sásta le ghrádh geal mo chroidhe,
“Níl teach agam, níl stábla agam agus níl áit thiubhrainn í
Agus muna bhfuil fágtha acht céad slán do'n am sin a bhí?”
IV
Tá mo theaichín ar an árdan is a dhá cheann sa ghaoith
Tá'n bháisteach isteach ann, is an tuile teacht faoi,
Tá mo laoighín ag géimneach is mo bhó ar a cíb
Acht cibé áit a bhfuil mo stóirín i dtighe an ósta tá mo mhian.
V
Sé dubhairt mo mhuinntir liomsa a leigeann do'n ól
Teacht suas ar barra cáithte is ar uisce an mhoill mhóir
Acht a chómharsana dílse ní mairfinn mí beó
Gan gloine bheith in ghach láimh liom 's mé go síorraidhe ag ól.(continues on next page)- Collector
- Cáit Seóighe
- Gender
- Female
- Age
- 15