Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 207
- XML “Poll Tí Lábáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Poll Tighe Lábán.
Fadó nuair a bhí cúig rí ar Éirinn bhí a rí fhéin ar chuile chúig. An dlighe a bhí sa chúige seo, chuile fhear a phósfadh go gcaithfeadh sé beirt bhan a phósadh. Bhí fear ann agus bhí sé ag iarraidh imtheacht gan bean ar bith a phósadh nuair a bhí an bheirt bhan le pósadh.
Lá amháin tháinig an rí agus a chuid fear chuige agus dubhairt siad leis go gcaithfeadh sé pósadh. Dubhairt sé go raibh sé sásta acht an bheirt bhan a fhágail dhó. Bhí siad ag imtheacht leo go raibh deamhan agus deireadh an lae ag tigheacht agus is í an sórt mná a fuair siad dhó bean bheag bheag. Agus sé an sprí a fuair sé leis an mnaoi bhig bó bheag beag.
Faoi cheann sgathaimh tháinig an rí agus a chuid fear aríst agus dubhairt siad leis go gcaithfeadh sé bean eile a phósadh. Dubhairt sé go raibh sé sásta acth í d'fhághail dhó. Bhí siad ag imtheacht leó go raibh deamhan agus deireadh an lae ag tigheacht agus sí an sórt mná a fuair siad dhó bean mhór mhór agus sé an sprí a fuair sé léithe bó mhór mhór
Faoi cheann bliadhna bhí mac beag ag an mnaoi bhig agus mac mór ag an mnaoi móir. Bhí an mac mór ag méadúghadh gach lá agus ní raibh an mac beag ag déanamh aon corr ar bith. Annsin bualadh an t-athair go dona agus rinne sé udhacht. D'fág sé an feilm agus a a [!] raibh aige ag an mac mór agus níor fhág sé ag an mac beag ná ag an mháthair acht an bhó bheag 's aige féin, seomra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Seoighe
- Ainmneacha eile
- Seán Seoighe
- Tomás Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Seoighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe