Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 188
- XML “An Gadaí”
- XML “<span class="exact">Biddy</span> <span class="exact">Early</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lth 188
ní raibh tada d'á bhárr aca.Tháinig an sagart abhaile go brónach cráidhte.Nuair a bhí an mhuc ithte ag Seán ní raibh fear sa bparóiste ab bhfearr ná é.
Tomás Seoighe , Togha na Lín. - Biddy Early.
Bhí sean-bhean ann fadó agus sé an t-ainm a bhí uirthi Biddy Early. Sé an fáth ar tugadh an tainm sin uirthí mar bhí sí in a cómhnaidhe i mBaile Átha Cliath agus tháinig sí go Connamara agus chuir sí fuithí ann. Bhí gach duine ag déanamh iongantais dí. Sé an sort tighe a bhí aicí ná sean teach a raibh sidheóga ann cúpla blian roimhe sin.
Cuma cén tam den oidhche d'eireóchadh siad bhí an bhean seo in a suidhe i gcómhnuidhe. Ní raibh fhios i dtosach cén t-ainm a bhí uirthí agus sé an t-ainm a a bhaistigh siad uirthí Biddy Early mar gealt go mbíodh sí in a suidhe go moch is go mall.
Bhí fear annsin ann agus bhí sé tuithte amach le Biddy Early. Bhí dá mhuic aige agus cailleadh an péire. Shíl an fear go raibh draoidheacht aicí agus gurbh í a mharbhuigh an da mhuic air. Lá amháin dá raibh Biddy Early in a suidhe taobh amuigh do'n doras, bhí an fear seo ag dul thart. Thóg sé cloch is bhuail sé Biddy sa chloigeann de'n chloich. Ní i bhfad in a dhiaidh sin gur cailleadh Biddy Early agus cuireadh í gan sagart.
Oidhche amháin bhí an sagart ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe