School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
![The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 241](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0074%2FCBES_0074_241.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0074, Page 241
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 241
- XML “An Gearrán Bán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agamsa”. D’imthigh an caitín síos aríst.
Annsin nuair a bhí a breicfeasta ithte aicí fuair sí na heochracaí agus d’fhosguil sí an doras agus ní fhaca sí sa seomra ach daoiní marbh agus fuil. D’ionntuigh sí thart ag dúnadh an dorais agus sgior a cois sa bhfuil. Chuaidh sí annsin go nighfeadh sí é acht choidche nó go mbainfheadh sí an croiceann dí ní ghlanfadh sí é.
Annsin nuair a tháinig an giorán bán chonnaic sé an fhuil. Bhí fhios aige annsin go raibh sí sa seomra. Ní dhearna sé acht breith ar a shlaitín draoidheachta agus buile a bhualadh uirthí is rinní sé cloch ghlas dí. Annsín an chéad lá eile thug an dri-shiúir eile amach an túirne sa ngarrdha agus thosuigh sí ag sníomh. Ní i bhfad nó go dtáinig an Giorrán Bhán arís. Rug sí ar chleith is níor chorruigh an Giorrán nó gur bhuail sí é. Annsin ghreamuigh an maide de’n ghiorrán agus ghreamuigh a láimh de’n mhaide. D’imthigh an giorrán agus b’eigin dí é leanamhaint.
D’imthigh an giorrán nó go dtáinic sé go dtí cnocán glas. “Oscail, oscail a chnocáin ghlais” adeir an giorrán agus d’oscail is leig isteach an rí is a bhean. Chuaidh siad isteach agus theasbán an giorrán go leór seomraí dí, seomraí lán d’óir, seomraí lán d’airgead agus gach rud ar fheabhas sa chuile ceann aca. Acht níor theasbáin sé seomra amháin dí. Shíl sí(continues on next page)- Collector
- Sorcha Seoighe
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Informant
- Máire Bean Uí Bhriain
- Gender
- Female
- Age
- 80