School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 253
- XML “An Fathach Rua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Gaedhil. Agus rud eile shocruigh siad go gcuirfidís Oscar isteach i gcliabhán agus go gcuirfeadh siad Máthair na bhFiann d'á bhogadh nuair d'aireóchadh siad ag teacht an Fathach agus go leigfeadh an mháthair uirthi nach raibh in Oscar acht marlach óg i measg na bhFiann.
Bhí go maith. Sar i bhfad tháinig an Fathach Ruadh acht má tháinig féin bhíodar réidh chuige. Tug sé a agaidh ar chnoc Ailinne agus ar deireadh nuair chinn sé air iad fheiceál in áit ar bith tháinig sé chuig Goll ag chur a dtuairisge. Dubhairt Goll leis go raibh siad imthighthe ins na coillte ag fiadhach agus nach mbeadh siad arais go ceann laetheannta. D'iarr an Fathach air annsin cérbh'é féin agus dubhairt sé gur tréaduidhe do na Fianna é.
Annsin thug an Fathach a aghaidh ar Theach na bhFiann. Nuair a chuaidh sé isteach 'un a tighe chuir máthair na bhFiann failte roimhe agus chaith siad tamall gearr ag cainnt. Bhreathnuigh an fathach ar an gclabhan [!] agus bhfachtas dó gurbh' aisteach an marlach a bhí d'á bhogadh ann. Ar deireadh thosuighe sé ag spraoi leis agus chuir sé a láimh ina bhéal. Nuair a chuir, céard a dhéanfadh Oscar acht breith air agus d'fóbar dó an mhéar a bhaint dhó. Ara a mhic mo chroidhe thú nuair a chonnaic an Fathach a chuid fola ag tigheacht bhí sé ag eirighe de chothromh talmhan le feirg. Chuir sé a láimh anuas ar chloigeann an mharlaigh len a bhrughadh(continues on next page)- Collector
- Seán Mac An Ríogh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Tomás Ó Cadhain
- Gender
- Male
- Age
- 21
- Address
- Fionnaithe, Co. Mhaigh Eo