Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 430
- XML “Scoil Phádraig Uí Laigh”
- XML “Madra gan Máistir”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)í gClocbreac (Uachtarach). Ní raibh aon t-slighe maireachtála aige acht an beagán airgid a thugadh na daoine dó ar son an méid sgoláireachta a mhúineadh sé dóibh. B'as Árainn é agus bhí sé í na sgolaíre mhaith (?). Nuair a fuair sé bás bhí na daoine ar dhroch chaoí mar ní raibh oideachas lé fághail aca. Ta cuid de bhallai an bhotháin i n-ar chómhnuidhe sé agus i n-ar mhúin sé sgoil lé feiceál fós.
- Nuair a bhí Liatdruim Bacach í na Tigearna ar an dúithche seo ní raibh cead ag aon tionóntaidh aon bheithidheach a chur ar cnoc acht réir mar d'íocfadh sé cíos air. Theigheadh an báille amach ag cómhreamh na mbeithidheach ar fhaitchios go mbéadh an iomarca beithidheach ar an sliabh ag aoinne, Chuaidh sé ag cóimhreamh beithidheach lé sean-chailleach uair amháin agus fuair sé amach go raibh níos mó ná an miosúr ceart ar an sliabh aice, "Ná síl gur madadh gan maíghistir mise" ar seisean. Go luath ina dhiaidh sin marbhuigheadh Liathdruim Bacach agus cúpla lá tar éis a bhaís chuaidh an báille ag cóimhreamh na mbeithidheach arís. D'eirigh an chailleach amach ag caitheamh cloc leis "A mhadaidh gan máigistir imthigh, a mhadaidh gan máighistir nach fada brocach an ruball atá ort"
Scéal
“Bhí fear óg agus bean óg san áit seo fadó agus bhí siad le pósadh.”
Sgéal
Bhí fear óg agus bean óg san áit seo fadó agus bhí siad le pósadh. Bhí gach nidh socruigthe agus an fear le teacht ar a tóir lé capall oidhche Dhomhnaigh. Thosuigh daoine ag cur cómhairle uirthí gan é phósadh gur droch fhear a bhí ann agus go raibh a láimh i ngach cineál diabhaileachta aige. "Chuala mé ariamh" ar sise "gur feárr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe