Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 438
- XML “Sháraigh na Mná Harry Sceatail”
- XML “An Áit is Tiorma dá Ghabháltas”
- XML “Ádh ar an Amadán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sásta aca i n-a dhiaidh sin.
- An áit is tiorma dá ghábhaltas.
Bhí buachaill óg ann fadó agus bhí sé an-bhocht Tháinig an tighearna talmhan isteach lá ag iarraidh an chíosa. D'fhiafruigh sé de'n bhuachaill cá raibh a athair. Dubh[ai]rt seisean go raibh sé 'san áit is tiorma dá ghabhaltas Thug an tighearna talmhan £5 dó as innseacht cá raibh an áit sin. Dubhairt sé go dtiubharfadh sé tuille dhó ach nach raibh sé níos lugha ná £100 aige ach an chéad uair eile a casfaí leis é gur chuma cé mhéad a bhéadh aige ach go bhfuigheadh sé é. Chuaidh an tighearna amach an bóithr[ín] agus chuaidh an buachaill amach treasna an garrdha agus bhí sé roimhe ar an mbóthar. "Tá súil agam ar seisean gur fear do t'fhocal thú. Gheall tú go dtiubharfá tuille dom nuair casfaí leat arís mé." Fuair sé céad punt.- Bailitheoir
- Cáit Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
- Ádh ar an amadán
Bhí fear bocht ann fadó agus bhí triúr mac aige. Bhí beirt aca an-ghlic acht ní raibh insan bhfear eile ach amadán. Nuair a bhíodar ag dul ag saothrughadh a mbeatha bhí an bheirt ghlic ag rádh go mbéidís féin an-t-saidhbhir agus nach mbéadh tada ar an amadán.(leanann ar an chéad leathanach eile)