Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 668
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgioból a tugatar ar an teach a mbíonn na beithidhigh ann. Féar a tugatr le n-ithe dóibh. Ceangluightear chuile cheann acu i n- áit dó féin agus tá an ceangal roinnte i n-a dhá chuid- an buarthach agus an coiseacán. 'Sé an buarthach an píosa fada a théigheanns thart faoi mhuinéal na bó agus sé an coiseacán a bhíos ag ceangal na buarthaig de'n mhaide. Colpa a tugatar ar bheithidheach trí bliadhna, leath-cholpa ar bheithidheach dhá bhliadhan agus gamhain beithidheach bliadhna agus laogh beithidheach sé mí. Fágtar na beithidheach sheusg amuigh mall go maith 'sa Samhradh agus tugtar féar titim dóibh.
2. Ní bhíonn caiple ceangailte chor ar bith. Searrach sin capall bliadhna, bromach trí bliadhna ag capall uaidh sin amach.- Bailitheoir
- Áine Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Faisnéiseoir
- Maoilsheachlainn Ó hAllmhúráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe