Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 473
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“I bParáiste Ruis a bhí Mac na mara i n-a chomhnuidhe.”
23.
I bParáiste Ruis a bhí Mac na Mara i n-a chomhnuidhe. Robálaidhe a bhí ann ach níor thóg sé aon rud ó dhuine ariamh nuair a bhéadh fhios aige go raibh an duine i n-a chall. Nuair a d'fheicfeadh sé éagcóir dhá dhéanamh ar dhuine ar bith thiubharfadh sé cabhair do'n duine sin. Bhí a theach amuigh ar Loch Coirib. Nuair a d'árduigheadh an loch d'árduigheadh an teach agus nuair a d'ísligheadh an loch d'ísligheadh an teach. Bhí capall aige agus nuair a theastuighadh uaidh rud a thabhairt as an stór uachtair i dteach leagfadh an capall a dhá cois tosuigh chomh fada suas ar an mballa agus a b'fhéidir léithe. Sheasfadh seisean ar a cloigeann agus rachfadh sé as sin isteach ar an bhfuinneóig. Bhíodh saighdiúirí i gConga an t-am sin agus bhídís ag faire i gcomhnuidhe ach níor éirigh leó breith ariamh air. Lá amháin bhí sé amuigh i n-aice leis an gCeathramh Ghairbh agus bhí na saighdiúirí ar 'chaon taobh de. Bhí dhá sgailp ann agus bhí sruthán ag rith eatorra. Bhíodar tuairim is trí-déag ná(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maoilsheachlainn Ó hAllmhúráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe