Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 606
- XML “Scéal”
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí sean-bheirt i n-a gcómhnuidhe 'san áit seo fadó agus ní raibh aca ach aon ingean amháin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)raibh an fear ag síor dhearcadh uirthí agus dfiafruigh sí de (?) tuighe. Dubhairt sé go raibh sí an chosamhail le n-'inghean sul ar buaileadh tinn í. Ceárd deárfá ar sise dá mba í béa(?) ann?" "Muise cé'n chaoí ndeárfainn é agus í tinn ar a leabhaidh le seacht bliadhan. Seacht mbliadhna san oidhche anocht a buaileadh tinn í agus tá sí ar a leabaidh ó soin agus mé feín agus a máthair ag iarraidh bheith ag tabhairt aire (?) dí." "Boil" ar sise seacht mbliadhna 'san oidhche 'nocht a goideadh mise uait agus níor itheas aon cheó ó shoin ach na fataí a thoígtheá gach oidhche. Dá n-ithinn ní fheádfainn a theacht ar ais chugat."Annsin d'iarr sí go leor móna a tabhairt dí agus chuir sí síos teine mhóir. D'eirigh sí leis an bhfeithide (?) bhí sa leaba chur ar chúl na teineadh ach ní tuisge bhí 'n-a seasamh ná chuaidh sise amach an doras i n-a splannc dearg.- Fadó bhíodh go leór fir siubhail ag dul thart 'san áit seo. D'fhanaidís ins na tigthe agus bhíodh na daoine ag cruinnuighadh isteach ag éisteacht leis na sgéalta a bhídís ag innseacht. Seo cuid de na fir siubhail a bhíodh 'san áit seo:-1) 'Sé an fear siubhail is minicighe a bhíodh 'san(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Nic Allmhúráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maoilsheachlainn Ó hAllmhúráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe