Scoil: Cloch Bhreac (uimhir rolla 12106)
- Suíomh:
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloch Bhreac
- XML Leathanach 702
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Céard atá ag siubhal agus a cloigeann faoi?
Fr. Tairne i mbróg.
Cén fas bliadhna is fuide amuigh?
Fr. Putóigí mínán.
Cailleach sa gclúid, agus bíor i na súil agus í ag útamáíl?
Fr. Túirne.
Mó dheaideo ar chúl an cófhra agus dhá chéad cóta mór air?
Fr. Gás cabáiste.
Céard atá lán agus atá i ndhon tuilladh fhulainghte?
Fr. Pota fataí.
Céard a bhíos ag méadú le mar a bhíos tú ag baint as?
Fr. Poll créafoig.
Feicim i na suidhe, i na seasamh í,
Feicim ar bhláth an aitinn i, Ceo na drúcht ní leághann í, Is ní stadann sí de shiubhal?
Fr. An Ghealach.
Cen fás bliadhna is fuide amuigh ?
Fr. Putóigí mínán.
Chuaidh mé suas le fáinne an lae, Fuair mé rud beag i na luighe sa bhféar, níorbh iasc é, na feoil, is ní fuil na cnámh é, Is choinnigh mé é, gur shuibhal sé uaidh féin?
Fr. Ubh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Mhuráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Muráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chloch Bhreac, Co. na Gaillimhe