Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)muinntir an tighe go bhfeadfadh siad a bheadh ag ithe go ceann tamaill. Nuair a bhí sé in a thrathnóna agus nuair nach raibh an mhuc ag tigheacht abhaile bhios ag an bhfear ar leis í gur éirigh rud eicint di.
Chuaidh sé chuig an bhfirín glic, agus d'fiafruigh sé dhe cé mharbhuigh an mhuc agus dubhairt seisean gur bé an té a mbeadh an sneachta leagthe ar a theach ar maidin a mharbhuigh í. Nuair a d'éirigh sé ar maidin bhí an sneachta leagtha ar theach an ghréasaidhe, agus dubhairt sé go rachadh sé chomh fada leis.
Nuair a chonnaic an fear ag tigheacht é dubhairt sé le bean an tighe pota uisge a chur síos agus go rachadh sé féin a chodhladh agus nuair a bheadh an t-uisge te, dubhairt sé léithe bheith ag nigheachán a chos, agus go gceapadh an fear gur tinna a bhí sé. Thosuigh bean an tighe ag nigeachán a chosa, agus a tháinig an fear eile isteach bhí aon bheic as ag leigint ar féin go raibh an pían air, agus nuair a chonnaic an fear iad dubhairt sé go raibh a sháith don anrógh ortha cheana, agus nach iad sin a mharbhuigh an mhuc, agus d'imthigh sé abhaile aríst, agus ní bhfuair sé amach cé mharbhuigh an mhuc.
Rinne sé teach mór annsin, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe