Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)
- Suíomh:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)níor chuir sé air acht fuinneóg amháin, agus chuir sé mála óir isteach ann, agus dubhairt sé an té a mbeadh sé go mhisneach aige an mála óir a ghoid gur aige a bhí an misneach an mhuc a mharbhughadh. Nuair a chuala an fear seo faoi an mála óir dubhairt sé go bhfeachadh sé le é fhághail, agus dubhairt sé leis an ngréasaidhe a dhul leis.
Bhí siad ag imtheacht leo annsin, agus is geárr go dtáinig siad chomh fada leis an teach seo. Dubhairt an fear leis an ngréasaidhe dhul isteach i dtosach, mar bhí fhios aige go raibh geibheann éicint istigh. Chuaidh an gréasaidhe bocht isteach an fhuinneóg, agus chomh luath is a bhí sé istigh chuir sé béic as, mar ce'n áit a rachadh sé acht síos i mbairille teara, agus báthadh é.
Annsin chuaidh an fear eile isteach, agus sheas sé ar cheann an ghréasaidhe agus ghoid sé an mála óir, agus nuair a bhí sé ag imtheacht bhain sé an ceann de'n gréasaidhe le faitchios go n-aithneochaidhe é, agus thug sé abhaile leis é, agus chuir sé é lár-na bharach annsin chuaidh oncal an fir seo thart le colan an ghreasaidhe, mar bhí fhios aige dtoseochadh a mhuinntir ag caoineadh nuair a d'feiceadh siad é, acht nuair a chonnaic an fear seo ag teacht é dubhairt sé le bean an tighe gan tosaigh ag caoineadh, agus dubhairt sise nach dtoseochadh. Is geárr do dtáinig an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mártain Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír na Cille Theas, Co. na Gaillimhe