Scoil: Tír na Cille (uimhir rolla 11884)

Suíomh:
Tír na Cille Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 065

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 065

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír na Cille
  2. XML Leathanach 065
  3. XML “Scéal - Fear an Chamáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    acht an gheata a dheasú agus dul abhaile.
    Chuaidh sé amach ar maidin lár na mháireach arís agus céarb íde a bhí air an lá roimhe sin is seacht measa a bhí sé an lá seo. Dheasigh sé an geata arís agus chuaidh abhaile. Dinnis sé an cás de'n mnaoi agus deir sé "dá mba é an diabhail as Ifrinn atá ag déanamh na hoibre bearfhidh mise anocht air." Dimthigh leis le tuitim na hoidhce agus chuaidh sé i bhfolach taobh istigh den gheata. Ar uair a dhódhéag chuala sé torann mór ag teacht. Céard a bheadh ann acht tuirim dhá sgór capaill agus marcaigh ortha agus cumán ag a chaon fear. Bhris siad isteach thríd an geata léim na caiple agus sgaoil ar fud na páirce iad. Bhí fear mór amháin ina ndiaidh aniar ar chapall bán agus é gléasta i gculaith uasal. Léim sé dhá capall. Leag uaidh an chumán agus bhí ag chaitheamh dhe a chota nuair a deirigh an gabha de léim agus rug ar a gcumán. "Ó torm é sin" ars an fear mar tá cluicthe mór báire le imirt annseo anocht". Nach beag an náire oraibh ars an gabha agus an báil
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mártain Ó Spealáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cloigeann, Co. na Gaillimhe