Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 362

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 362

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Fáirche
  2. XML Leathanach 362
  3. XML “An Gamhain Glas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An tráthnóna sin, act gan aon bhrón a bheith air acht píosa an chroicinn a tharraing ó bharr an iorbaill go dtí barr a chinn agus é sin a chur air mar chrios agus nuair a bheadh an crios sin air nach bhfuigheadh tada an bhuaidh air. Nuair bhí an gasúr ag seoladh na mbeithidheach an tráthnóna sin bhí na búistéirí rómpa agus mharbhuigheadar an gamhain glas. Rinne an gasúr mar dubhradh leis.
    Lá eile annsin chuir an gasúr na beithidhigh isteach san ngarrdha a bhí ag triúr fathach. Chonnaic duine de na fathaigh iad agus amach leis. D'fhéach sé thart go bhfeicfeadh sé cerbh leis iad. Nuair chonnaic sé an gasúr rinne sé iarracht é do mharbú act chuir an gasúr an crios timcheall ar a muinéal agus tachtadh an fathach. An lá indiaidh chuir sé na beithidhigh céadna iste[ach] arís. Tháinig an dara fathach agus mharbhuigh an gasúr é freisin. Tháinig an treas fhathach agus marbhughadh é
    Chuaidh an gasúr go dtí teach na bhfathach agus chomhnaigh sé ann. Bhí dragún san
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Áine Ní Mhaolruaidh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    24
    Gairm bheatha
    Domestic worker (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ceapach na gCapall, Co. na Gaillimhe