Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uait arsa Páidín. "Cé'n sort bealaigh a bhí agat sa mbaile" ars an fear. "Bhí droch bhealach agam" arsa Paidín "Bí mé pósta agus bhí naonbhar paisdí agam" "Go bhfóiridh Dia orainn" ars an fear "Ní annso is feileamhnach tú a bheith agus má crocfar tú is dona an sgéal é do do pháisdí acht ní móide go crocfar An lá a cuirfear an dlighe ort breathnuigh thart agus má aithnigheann tú mise agus an culaidh so orm agus tá orm anois abair gur uaim se cheannaigh tú an capall" Meas tú cá bhfuil an capall anois? "Tá sé ina leithead so de pháirc" ars Páidín
D'imthigh an fear annsin go ndeachaidh sé go dtí an áit a raibh an capall. Bhí buachaill aimsire ag tabhairt aire de. Thosuigh an bheirt ag cainnt agus ag comhradh le chéile "Bhfuil teach tart annso ina mbeadh deoch uisge beatha le díol" ars an fear "Tá" ars an buachaill aimsire "Bfhearr dhuit dul ann agus buidéal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Bhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo