Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a thabhairt ar ais leat agus ólfaimíd ibpáirt é. Bhéarfaidh mise aire de n chapall go dtiocfaidh tú ar ais" ars an fear.
Do bhailigh leis an mbuachaill ina choinne. An fhad agus bhí sé imthighthe seard a bhí an duine uasal ag déanamh crúdh capall a bhí aige, a raibh a ainm agus a shloinne sgríobtha air, a chur ar cheann de chosaibh an chapaill. Nuair bhí an obair sin déanta aige bhí sé an tsásta mar bhí súil aige Paidín bocht a thabhairt ón gcroich. Ba ghearr go dtáinig an buachaill leis an uisge beatha. D'ól an fear braon de. Ba chuma leis céard a déanfaí leis an mbuidéal ó thárla go raibh an gníomh eile déanta aige agus bhí sé an-mheidhreach ag dul abhaile dó.
Ibfad indiaidh sin tháinig lá an bhreitheamhnais agus tugadh Paidín ós comhair an bhreithimh. D'fheach Páidin thart agus comh luath agus chonnaic sé a chara tháinig misneach chuige agus ars sé in-árd a ghutha. "Nach bocht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Bhain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 24
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo