Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 388
- XML “An Fear Déirce”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Fear Déirce.
Bhí fear déirce ann aon uair amháin. Bhíodh sé ag dul thart ó tigh go tigh agus ó bhaile go bhaile agus ag iarraidh lóistín in áit ar bith ba mhian leis féin.
Oidhche amháin bhuail sé isteach i dteach beag a bhí ar thaoibh an bhóthair. Sean bhean chliste a bhí ina comhnaidhe ann. Níor mhaith leithi an fear déirce a congbháil sa tigh ar feadh na h-oidhche ach ní raibh sé ina cumas é do chur amach. Rinne sí go leor iarracht cun é do chur amach ach níor eirigh leithi.
Faoi dheire chuaidh sí amach san stábla agus thug sí isteach punann tuighe. Thosuigh sí ag déanamh sugáin Dubhairt sí leis an bhfear é a chasadh Thosuigh an fear ag casadh an tsúgáin. Ní raibh sé ibhfad go raibh sé suas in aice an dorais leis an sugán. Dubhair[t](leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Allmuráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheathrú Chaol, Co. na Gaillimhe