Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 393
- XML “Insna Siógaibh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí ag dul isteach cuig a theach. Dubhairt an triúr an chomhra a thabhairt abhaile leis. Thug agus d'fhág sé sa scioból é ar feadh na h-oidhche.
Nuair d'eirigh sé ar maidin chuaidh se amach sa scioból agus bhain sé an cludach de. Bí bean bhreagh óg istigh sa gcomhrainn agus í beo. Thug sé isteach chuig a athair í agus dfhan sí sa teach. Bhí sí go h-an mhaith ag fuagháil agus rinne sí cóta do'n fhear óg. Chuir sí réaltóga mar a bhíonn ins an spéir ins an gcóta.
Bhí an fear ag dul ar an aonach lá agus chuir sé an cóta air. Ní raibh sé ibhfad ar an aonach nó go bhfaca sé sean-fhear agus sean bhean ag féachaint go géar air. Annsin thángadar chuige agus d'fhiafruigh siad de cé rinne an cóta dó. D'innis sé an sgéal dóibh ó thús deire. Dubhairt siad annsin go raibh inghean aca agus gur thug na sidheóga leo í agus nach dtáinig sí abhaile ó shoin. Thug an fear cuireadh doibh dul abhaile leis féin agus go mbeadh fhios aca arbh' í a bhí ann. Chuaidh agus bé a n-inghean abhí ann. Phós sí féin agus an fear óg agus bí saoghal aoibhinn aca indhiai[dh] sin.