Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 394
- XML “Seán na gCártaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán na gCártaí.Bhí fear ann fadó agus Seán a bhí mar ainm air. Bhí dúil mór aige i n-imirt cártaí agus do bhíodh sé imthighthe amach gach oidhche.
Aon oidhche amháin bhí sé ag siubhal cois locha agus do léim eascú mhór aníos chuige. Do labhair sí le Seán. "An mbeidh cluiche cártaí agat liom" ars seisean leí. "Beidh agus fáilte" ars an eascú. "Tá sé sa margad" ars an fear má buaileann mé tú san gcluiche caithfidh tú gach rud a thabhairt dom a iarrfas mé ort agus más rud é go mbuaileann thusa mise caithfidh mé dhul leat." "Tá mé sásta" ars an eascú
D'imir siad an cluiche agus bhí an bhuaidh ag an bhfear. "Sé an chéad rud anois tá mé ag iarraidh ort ná mé do thabhairt go flaitheas nuair a gheobhas mé bás" ars an fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Mhainnín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceapach na gCapall, Co. na Gaillimhe