Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 395
- XML “Seán na gCártaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tá go maith" ars an eascú. 'Sé an dara rud táim ag iarraidh ort ná trí céad bliain do thabhairt dom ar an saoghal so" "Tá go maith" ars an eascú. 'Sé an treas rud táim ag iarraidh ort ná ceangal do thabhairt dom le duine ar bith a bheadh ag troid liom do cheangal "Tá go maith" ars an eascú.
Bhí an fear ag imtheacht leis annsin go dtáinig sé chomh fada le h-abhainn Nuair bhí se ag dul treasna na h-abhann d'éirigh fear mór láidir aníos chuige agus thosuigh sé ag troid le Seán go fíochmhar feargach. Lean siad mar sin ar feadh ibhfad. Pé féachaint thug Seán síos chonnaic se go raibh crúb bó fé n bhfear eile "O a cheangail cá bhfuil tú" ars Seán "tar agus ceangal an fear so" Ní túisge bhí an fochla as a bhéal ná tháinig an ceangal agus rinne sé mar hiarraidh air. D'imthigh Seán go slán sabháilte agus níor airigh sé an t-am ag sleamhnú tharis [? < thart?] nó go raibh trí céad bliain caithte aige. Annsin fuair sé bás agus chuaidh a anam suas go flaitheas Dé.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Mhainnín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceapach na gCapall, Co. na Gaillimhe