Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 400
- XML “An Biorán Suain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ná thosuigh an bhean ag cainnt agus dinnis sí a sgéal dó "Bí mé tinn ar sise "agus táinig na sideoga. Thógadar as an leabaidh mé agus d'fhágadar sideóg im' áit. Tá an tsidheóg sin sambaile fós agus go leor dochtúir ag tabhairt aire di" "Imteochaimíd imbárach go bhfeicfimíd í ars Seán Ruadh "Cé n chaoi a racfaimíd ann ann [!]?" ars an bhean. "Tá capall agus fichead agamsa" ars Seán Ruad
An lá indiaidh sin d'imthigh an bheirt go tigh na mna i gCo. na Midhe. Ar sroisint an tighe doibh d'fhan an bhean taobh amuigh agus isteach le Sean Ruadh. D'iarr sé cead an cailín tinn feicheal. Leigeadh isteach é san seomra ina raibh sí. "Tá an áit seo an-fhuar" arsa Seán "cuir síos teine annso" Nuair a chuala an tsideóg é sin d'imthigh sí amach trí dian an tighe. Thainig scannradh an domhain ar na daoine a bhí ilathair. D'innis Seán doibh annsin narbh é an t-inghean a bí ann cor-a-bith. Amach an doras leis agus thug sé isteach an cailín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Dabhoráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Bhuíáin, Co. na Gaillimhe