Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 413

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 413

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Fáirche
  2. XML Leathanach 413
  3. XML “An Teach Caonaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    buachaill amhain. Bhí an duine eile amuigh ag piocadh cnó agus ubhall. "Caithfidh tú imtheacht as seo" ars an fear leis "nó cuirfidh mé an dlighe ort" "Tá go maith" ars an buachaill "ach tá mo chompánach amuigh agus beidh mise ag casadh ceoil duit go dtiocfaidh sé ar ais" Leis sin thosuigh an buachaill ag seinm cheoil don fhear agus é ag gabhail fhuinn san am céadna. Sé an port a bhí aige ná "Mo theachín caonaigh ibhfad ó bhaile tá mé gabhtha tá mé gabhtha."
    Ní raibh sé ibhfad go dtáinig an gasúr eile. Ag teacht ingar don tigh dó chuala sé an ceol agus stad sé ag eisteacht. Thuig sé ghaoth an fhocail agus as go bráth leis slán sabáilte as an gcoill. D'eirigh an fear tuirseach de'n cheol mar nuair nach raibh an compánach le fáil bhfachtas dó gur h-imireadh cleas air. Ní nár bh iongadh go raibh sé mí-fhoighideach Rug sé ar an ceolteóir agus cuireadh isteach ibpríosún agus múineadh dó a bheith cneasda uaidh sin amach
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge