Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Sean-fhear Liath.Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Ní raibh blas aige. Seán a bhí mar ainm air. Ó thárla go raibh an saoghal chomh cruaidh aige sa mbaile dubhairt sé go racadh sé ar fud an domhain ag lorg a fhortúin
D'imthigh leis annsin gur casadh duine uasal leis. "Cá bhfuil tú ag dul?" ars an duine leis "Níl mé acht ag siubhal thart arsa Seán" Ó sílim go bhfuil tú ag dul go h-áit eicint" ars an duine uasal. "Ní raibh blas agam sa mbaile" arsa Seán. "Geall domsa gur liom fein thú agus beidh do sháith agat" arsa an duine uasal. Tá mé sásta arsa Seán agus abhaile leis. Bhí a sháith le n-ithe agus le n-ól aige ó shoin amach
I gceann tamaill tháinig tinneas ar Sheán. Cuireadh fios ar an sagart cun an ola a cur air. Tháinig an sagart ach níor fhéad sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamas Ó Cearnaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Bhuíáin, Co. na Gaillimhe