Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhean fáilte roimhe. Ní raibh aoinne istigh ach í féin. "Tá mé ag súil leat le cúpla bliain" ar sise agus mé ag cruinniú airgid duit le fada agus is dócha gur tú atá ann Cerb as a dtáinig tú anois?" "As flaitheas A stóir" ar seisean "An bhfacha tú Domhnaill ann?" ar sise "Connaiceas" ar seisean "O muise cé chaoi bhfuil sé cor a bith?" "Tá sé go maith" ars an fear ach níl éadach maith aige" "Ó" ar sise "Tá píosa bréidín agamsa agus bhéarfaidh tú chuige" as [!] sise "Bhéarfad agus fáilte" ar seisean. "Cuirfidh mé cróca ime chuige leat freisin" "Ní bheidh mé indon iad do thabhairt liom ar fad" ars an fear "Tá sean chapall agam" ar sise. "Cuirfidh mé cliabh agus srathar air. Tig leat an bréidín a chur i gcleib amháin agus an t-im igceann eile. Thug sí an capall dó agus gheall sé go gcuirfeadh sé an capall ar ais nuair a sroisfeadh sé flaitheas.
Ní raibh fear na coise tinne ibfad imtighte nuair tháinig fear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Shomacháin
- Inscne
- Fireann
- Gairmeacha beatha
- Bádóir
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo