Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 510
- XML “Tomhasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhsanna
Céard a bhíos ag méadu nuair bhíos tú ag baint píosa de? Poll.
Tá sé comh cruinn le mo cheann agus chomh fada le crann céard é? Ceirtlín
Céard é a bhfuil súil aige agus ní fheiceann sé tada? Fata.
Cuimhnigh ar uimhir. Cuir 6 leithi bain an chéad uimhir ar ar chuimhnig tú aisti. Déan dá leath dí. Céard é an fhuighleach tá agat? 3.
Do shuidh mé ag an bfhuinneóig. D'fhéach mé trid mo fháinne oir agus chonnaic mé an marbh ag iomchar na mbeo. Long agus daoine innti
Céard é a nigheanns uisge nach dtrimeocadh an ghrian é. Im.
Loirgne fada, corroga cama, cloigeann beag gan aon tsúil air. - An tlú
Chuaidh mé isteach sa gcoill agus thugas amach rud nár theastuigh uaim agus uile uair féachaim air ní thaithnigheann sé liom. Dealg.
Muileann iarainn agus iorball olna air, céard é - Snáthaid
Gabhann sé thart agus thart ar an urlár sa ló Agus gabhann sé na codladh sa gcúinne istoidhche An sguab.(leanann ar an chéad leathanach eile)