Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 512
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-Fhocla
Déan do mhargadh de reir do sparáin
Mol Dia an deifir
Seachain lucht an achrainn.
Gach duine ag iarraid bheith ag tocras ar a cheirtlín féin
Is maith an capall a tharnóchas a carr féin
Tá dá innsint ar gach sgéal is dhá taoibh ar an mbileóig
An Té a bhíonns go holc faoi'n loistín bíonn sé 'na threoraidhe maith
Is fearr a bheith ag tiomaint d'asail féin na cárr duine eile
Sabháil an féar nuair bhíonns an ghrian go h-árd san speir.
Ní théigheann cuileóg sa mbéal abhíonns dúnta
Is cuma cé n dath atá ar an gcapall ach é beith go maith
Bíonn an chaora na codladh agus a cuir olna dá sníomh
Ní thugann an gobadán dhá thráigh leis in einfheacht
An dá nidh is doiligh piocadh amuigh - bean Domhnaigh agus caora Foghmhair
Bean ag feadaighil agus cearc ag glaodhach sin dá rud nár órduig Dia.(leanann ar an chéad leathanach eile)