Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- XML Leathanach 010
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mnaoi té a dhéanam dóib. Ní raibh aon uisge istigh aice agus chuaidh sí i gcoinne uisge. Ar a bhealach casadh fear léithe agus dubhairt se léithe nuair a rachadh sí isteach a rádh leis na sídheóga go raibh Cnoc Meadha faoí theine. Dubhairt sé freisin nuair a racadh na sídheóga amach, gach rud a bhí acu idir túirní is cárdaí a chaiteadh amach sa tsráid.
Nuair a chuaidh sí isteach dubhairt sí go raibh Cnoc Méadha faoí theine. Annsin rith gach sídheóg amach agus chaith an bhean gach rud a bhí acu amach. Annsin chuaidh sí a codhladh agus níorb fhada go dtáinic na sídheóga arís agus bhí siad ag iarraid a teacht isteach acht níor oscail sí an doras dóibh.
Bhíodar ag rádh. "A thúirne leig isteach mé agus "A cárdaí leig isteach mé mar dá mbheidh rud ar bith istigh a raibh ag baint leó. Leigfeadh sé isteach iad acht ní raibh. I gceann sgathamh dimthigh siad.- Bailitheoir
- Máire Ní Allmhuráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Allmhurain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe