Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- XML Leathanach 022
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgéal
Bhí sean bhean ann fado agus bhí sí an bhoct Ní raibh aici acht aon bhó amháin. Bhí a fear caillte agus bhí aon mac amháin aice. Aon lá amháin dubhairt sí leis nac raibh aon airgead acu le bidh a cheannacht, agus go gcaitheadh siad an bhó a díol. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc An lá indiaidh sin bhí aonach le bheith insan mbaile ba ghoire doibh ar maidin do thiomáin sé an bhó go dtí an aonach. Fuair sé ceithre punt dhéag ar an mbó agus bhí áthas ar a croidhe ag teacht abhaile do.
Chuir sé an tairgead síos í bpoca a bhríste agus ní raibh fhíos aige go raibh poll mór ann Ar a bhealac abhaile dhó rinne sé aithgiorra tríd na páirceanna agus chaill sé an t-airgead. Níor airigh sé an t-airgead imthighthe nó go ndeachaidh sé abhaile. agus gur fhiafruigh a máthair de cé méad a fuair sé ar an mbuin. "Fuair mé ceithre punt déag uirthi" arsa sé annsin cuir sé a lámh ina póca leis an airgead dfághail act ní(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nich Aodhagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mairtín Mac Aodhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo