Scoil: Clochar ar an bhFáirche
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cailín i bhfad. Dfhás sí agus d'eirigh sí an-áluinn laidir. Do chualadh an leas máthair fuithi agus níor thuig sí an sgéal ar chor ar bith. Ba léir go raibh cara éigin ag fóirtghín ar an gcailín cé bhí é. Ní bheadh an leas-máthar sásta go bhfuigheadh sí fíos ar an sgéal. Mar sin déaluigh sí féin amach ar an gcnoc maidin agus chuaidh sí i bhfolach fa charraig.
I lár an lae thainig an chaora leis an mbiadh fé mar ba ghnathach leí. Chonnaic an leas-mháthair h-uile rud. "Tuigim an sgéal anois" ar sise leí féin "act cuirfidh mise críoch leis an ghnó sin. Nuair a chuaidh sí abhaile cuir sí fíos ar an búistéar agus d'orduigh sí do an chaora dhubh a marbhadh. Rinne buistead amhlaidh.
Fágadh an cailín annsin gan charaid gan companach. Suidh sí síos ar charraig. Chrom sí a ceann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Bhearshúlaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Bearshúlaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe