Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)taobh d'en tom ná an taobh eile." Níor leig fear an tighe tada air féin, ach nuair a chuaidh an fear eile abhaile chuaidh fear a' tighe amach agus bhain sé an taobh eile agus fuair sé pota eile.Níor innis sé do dhuine ar bith. Deirtear gur chuir sé cuid de i bhfolach do féin. Nuair a bhí sé ag fagháil baís dubhairt sé le n-a clann é d'fhághail dó ach ní fhéadfaidís é d'fhághail.Bhí fear ag fághail báis aon uair amháin agus dubhairt sé le n-a clann mac, "Idir bárr Binn Shléibhe agus an loch tá an dabhach óir is mó a bhí ariamh ag Finn, is bhí mise féin dhá athrú leis." Bhí bean ag dul ag bleadhan na mbó agus chonnaic sí dabhach óir. Ní dhearna sí ach an búrach a bhí aici le h-aghaidh na mbo. D'fhág sí é ar an gcrann i n-a bhfaca sí an t-ór. Nuair a bhí sí ag teacht abhaile bhí búrach ar gach crann ann agus ní raibh a fhios aici céard a dheanfadh sí. Bhí sí ghá thóirigheacht agus ghá thóirigheacht ach ní bhfuair sí an t-ór.
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Liodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Gleann Loiscthe, Co. na Gaillimhe