Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 406
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “An Gasúr agus an Bráthair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt an sáirgint le Tomás, "Is dócha nach bhfuair tú aon sparán ar an mbóthar nuair a bhí tú ag briseadh cloch." "M'anam go bhfuair, muis," arsa Tomás. "Ce'n lá?" ars an sáirgint. "An lá sul ar thosuigh mé ag dul ar sgoil," arsa Tomás. "Ará ce'n chainnt sin ort?" ars an sáirgint le Tomás. "Sin é an lá muis" arsa Tomás. "Siubhal uait," arsa an sáirgint leis na gárdaí "agus ná bí ag seafóid leis an bhfear sin mar tá sé as a chiall," ars an sáirgint. Ag rádh gur b'é an lá sul ar thosuigh sé ag dul ar sgoil a fuair sé an sparán." Ní raibh fhios ag na gárdaí go raibh sé ar sgoil an tseachtmhain sin, agus bhí an t-airgead go léir ag Tomás.
- Lá amháin bhí bráthar ag siubhal thart in áit iarchúlta. Casadh isteach i dteach bocht é. Bhí stócach timpeall ceithre bliana déag d'aois sa teach. "An bhfuil aon phaidreacha agat?" ars an bráthar. "Níl," adeir an stócach. "Abair an phaidir seo in mo dhiaidh," arsa an bráthar. "A Uain Dé, a thógas peaca an domhain." (trí h-uaire) Má bhíonn an phaidir seo agat an céad uair eile a chasfar ort mé, tiubhraidh mé coróin duit."Bhí dhá doras ar an teach agus chuaidh an bráthar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe