Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 420
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ní bhlaiseann sé aon bhiadh? (Speal).53. Dhá chois ar thalamh, trí cosa ós a chionn, cloigeann na mbeo i mbéal na marbh? (Pota shíos ar chloigeann duine).54. Tobairín fír-uisge ar fíor-bhárr an t-sléibhe, fuinneóigín gloine is doraisín cré air? (Súil).55. Is cruinne é ná do cheann agus is fuide é ná na mílte crann? (Ceirtlín snátha).56. Chím in a suidhe in a seasamh, chím ar bhláth an aitinn í, ceó ná drúcht ní leagann sí, is ní stadann sí de shíor? (An ghealach).57. Sean-duine beag donn is a bhothán ar a dhruim aige? (Seilimide).58. Uisge goirt gan shalann gan sáile? (Deóracha súil).59. An rud a chaitheann an duine bocht uaidh cuireann an duine uasal in a phóca é? (Smugairle).60. Cé mhéad ruball bó a dhéanfadh as seo go dtí an ghealach? (Ceann ach é bheith sáthach fada).61. Chaith mé suas é chomh bán le eala, agus tháinig sé anuas chomh buidhe le ór? (Ubh).62. Cé'n cuid is airde de'n bhó? (A géim).
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Spealáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Úna Ní Dhroighneáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe