Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 424

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 424

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 424
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i n-a fhear chomh maith leis féin ariamh, acht níos túisge ná a ghéillfeadh Eamonn d'ísligh sé dhá chapall agus tharraing siad buillí ar a chéile, agus bhuail Eamonn é agus i n-áit a dhul ag aon dochtúir chorruigh a chuid fola chomh mór agus gur facthas dó cibé tinnis a bhí ag dul dó shíl sé gur imthigh sé de agus níor theastuigh aon dochtúir uaidh níos mó.
    Bhí fear i gCorr na Móna uair amháin. Micheál Ó Cadhain do b'ainm dó. Bhíodh sé ag díol stocaí. D'éirigh sé le h-éirghe gréine lá amháin agus chuaidh sé go Baile Athá Cliath ag díol stocaí. Tháinig fear go dtí é agus d'fhiafruigh sé dhe cé mhéad a bhí sé ag iarraidh ar na stocaí. Ní raibh aon Bhéarla ag Micheál Ó Cadhain agus ní raibh aon Ghaedhilg ag an bhfear eile. Tháinig fear eile go dtí iad agus d'fhiafruigh sé dhe cé mhéad a bhí sé ag iarraidh ar na stocaí agus dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh sé pighinn. Dubhairt an fear eile leis sgilling agus sé pighne d'iarraidh ar an gcéad fhear a tháinig chuige. Annsin dubhairt sé leis go raibh Micheál ag iarraidh sgilling agus sé pighne. Fuair Micheál sin uaidh agus tháinig sé abhaile an lá céadna.
    Bhí fear dár b'ainm Séamus Ó Gríobhtha ag dul thart fadó, agus bhíodh sé ag casadh ar bheidhlín. Dall a bhí ann agus théigheadh sé thart ó theach go teach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Liodáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Seoladh
    An Cloigeann, Co. na Gaillimhe