Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 430
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)stoirm an bád agus báitheadh é. Ní fhaca aon duine an bád ag ionntú acht fritheadh an bád an lá i n-a dhiaidh sin agus é iontuighthe agus fritheadh a chorp féin freisin.Bhí fear as Cill Bhriceán istigh ar Oileán na gCapall ag ól. Micheál Ó Súilleabháin a b'ainm dó. Bhí beirt fhear eile leis. Bhí siad uilig ar meisge acht siubhal seisean amach ins an bhfairrge agus báitheadh é. Geall sé a bheith sa mbaile an oidhche sin agus chonnaic siad é agus bhí sé báidhte an uair sin.Bhí bean ar an gCarraig i n-aice le Corr na Móna, aon uair amháin dar b'ainm Sorcha Seoighe. Oidhche amháin bhí bó tinn uirthi. Chuaidh sí amach sa stábla ag féachaint ar an mbuin sul a chuaidh sí a chodladh agus thug sí splanc leí mar ní raibh aon solus eile acu an t-am sin. D'imthigh píosa de'n splanc agus chuaidh sé isteach ins an díon a bhí ar an stábla agus las sé an stábla agus do dhóigh sé cúig cinn de bheithidhigh.
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Liodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe