Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 472](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_472.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 472
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 472
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cuid de'n fheoil in a dhiaidh agus cuireann na daoine nimh air ag súil go dtiocfadh an sionnach arís agus go marbhóchadh an nimh é, acht is annamh a thagann sé ar ais chuige airís.Tá sé ráidhte go bhfuil leigheas i dteanga sionnaigh. Dá mbeadh dealg i gcois nó i láímh duine agus nach b'féidir leis é a bhaint amach dá leagadh sé teanga sionnaigh uirthi deirtear go dtiocfadh sé amach.
An Easóg - Ainmhidhe beag droch-mhúinte, cosamhail leis an bhfiréád 'seadh e. Marbhuigheann sé éanacha óga agus cearca, agus girrfiadhacha óga agus coinínín chomh maith. Deirtear gur contabhairteach an rud é do dhuine aon díoghbháil a dhéanamh do'n easóíg mar chaithfeadh sí seile leo, agus is contabhairteach an rud é sin. Is féídir leí go leor díoghbháíl eile freisin a dhéanamh do dhaoine. Deirtear go bhfuil easóg ag tabhairt aire do gach pota óir atá i bhfolach sa talamh. Dhá ainmhidhe ata an-chosamhil le céile seadh an girrfiadh agus an coinín. Milleann siad páirceanna coirce. Bionn an-fhaitchíos ortha roimh an gcat mar marbhuigehann sé iad nuair a bhíonn siad óg. Dath donn atá ortha araon. Tá cluasa níos fuide ar an ngirrfiadh ná ar an gcoinín. Ainmhidhe an-luaith iseadh an girrfiadh agus tá cosa fada faoi. Níl mórán díoghbhála ionnta. An Broc - Ainmhidhe mór iseadh an broc. Dath donn atá air. Codluigheann sé san gcineál céadna áite leis an sionnach. Níl sé chomh siubhalach leis an sionnach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe