Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iad laetheannta áirithe is tabhachtaighe ná Lá Crosta na Bliana, Diardaoin Dearg, Nodlag na mBan, Lá na Leanbh ar an 28adh lá dé Mhí na Nodlag, Domhnach na h-Inide nó an Domhnach roimh an gCarghas, Domhnach na Smuit, Diardaoin Caplaodh nó an Diardaoin deire de'n Charghas, Lá Caochtadh na gCnó ar an 17adh d'Iúl, Domhnach na bPutóg an dara Domhnach roimh an Nodlaig, Gearrógaí Dubha na Nodlag nó laetheannta gearra na Nodlag.
Ní maith le cuid de na daoine tosnú ag treabhadh nó ag cur fhataí ar "Lá Crosta na Bliana" nó níor mhaith leó trosgán d'aistriú isteach i dteach nua sa lá ar a dtuiteann ar feadh na bliana. Tagann an lá sin ceithre lá taréis Lá Nodlag.
Ceapann na daoine nach mbéadh aon ádh ortha dá dteighidís ag treabhadh Lá Bealtaine, Lá Samhna agus Luan Cingcíse. Ní maith le na daoine a dul ag snámh ná ag iasgaireacht Domhnach Cingcíse. Creidtí fadó nach gcaillfidhe an t-é a thiocfadh isteach sa saoghal Domhnach Cingcíse gan dúnmharbhadh a dhéanamh.
Fadó bhíodh leigheasanna ag na daoine agus ba(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Liodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe