Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 483](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_483.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 483
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 483
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa sneachta ag na buachaillí.
AG SLEAMHAN AR AN LEAC-OIDHRESan ngeimhreadh a bhíonn sin ar siubhal freisin. Is minic a tuiteann daoine agus gortuighthear iad. Bíonn an-spoirt ag na páístí ag déanamh fir sneachta. Déantar é i bhfuirm fir agus cuirtear hata air agus píopa 'na bhéíl agus bíonn an-spoirt acu ag súgradh timpeall air.
LACAINEIs féidir le ceathar é d'imirt. Bíonn cloch timpeall punt meadhchaint ag gach duine. Annsin leagann duine cloch suas ar chloich mhóir eile agus an chéad duine a leagann í gheibheann sé pighinn.
Deántar 'CAD' le dhá ceann géar a chuir ar phíosa de mhaide agus annsin é a bhualadh le píosa fada eile agus d'imtheochadh sé san aer.
CAITHEAMH CNAPAÍTeigheann go leor buachaillí le céíle agus bíonn siad ag caitheamh cnaipí. Bíonn fáinne déanta píosa uatha agus an chéad duine a chuirfeadh cnaipe isteach sa bhfáinne gheobhadh sé na cnaipí go léír.
CUINNEÓGA nó CEITHRE COIRNEILIs féidir le cúigear é d'imirt. Seasann ceathrar ar marc dó féín agus seasann an duine sa lár. Annsin athruigheann gach beirt a n-áiteacha. Annsin dá bhféadadh an duine a bheadh sa lár dul in aon mharc bheadh an duine ar leis é sa lár..- Faisnéiseoir
- Máiréad Ní Droighneáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe