Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 485
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thuit sé isteach i sruthán mór uisge agus níor fhéad sé imtheacht as. Friothadh é ar maidin agus bhí sé beagnach caillte. Gheall sé nach n-ólfadh sé arís go deo i n-a dhiaidh sin agus níor ól agus d'éirigh sé chomh saidhbhir go raibh siopa aige 'na dhiaidh sin.Bhíodh Seán O Cadhain ag dul thart annseo go minic ag iarraidh déirce. D'fhágadh gach duine oidhche istigh é agus bhí biadh aige dhó féin uaireannta. Is minic a chaith sé oidhche sa teach againn. Bhíodh fáilte ag na daoine roimhe mar sean-duine deas a bhí ann. Bhí aithne ar Sheán ag na daoine san áit seo agus mar sin bhí omós acu dhó. Múinteoir sgoile dobh eadh a mháthair ach tosuigh Seán ag ól agus sa deireadh ní raibh aige ach bheith ag dul ó áit go h-áit ag iarraidh déirce. Cailleadh é ar leath-taobh an bhóthair ar a bealach go Cunga timcheall deich mblian ó shoin.Bhí fear eile ag dul thart darbh ainm eannaigh Ó Nóin. Bhiodh séa g iarraidh déirce agus ag cruiniughadh sean-éádaigh.Fear siubhail eile a bhí ann fadó acht tá sé caillte anois dob 'eadh Pádraig Ó Gloinn. Chaith sé go leor da shaoghal san áit seo ag dul ó theach go teach. Ní bhiodh sé ag diol dada ach ag iarraidh rud le n-ithe fhághail ó na daoine.Pádraig h-Éistín, bhí sé feín agus a bhean ag dul thart san áit seo. Bhíodh siad ag troid go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Áine Ní Liodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe