Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 496](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_496.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 496
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)BÓITHRÍN FEARNACHTTá sé ag dul isteach chuig dhá theach i n-aice le Cornamóna agus amach go dtí Loch Coirrb freisin. In aimsir an Ghorta a deineadh é. Deirtear go mbíodh mná ag obair air chomh maith leis na fir. Brisidís carnán mhór cloch air agus ní bhíodh le fághail acu ach sé pighne sa ló.Tá bóthar eile ag dul suas go MÁM ÉAN. Taobh thiar de'n Mám atá sé. Tá na daoine ag baint usaíd as fós. Nuair a bhíonn na daoine ag tabhairt turas go Mám Éan, an Domhmnach deire de mhí Iúil téigheann siad suas an bóithrín sin agus tá sé an bhog agus fliuch. Ceapann na daoine gur i aimsir na bpeín dlighthe a deineadh é mar bhíodh sagairt ag leigheamh Aifrinn ann.Tá bóthar ag dul isteach go DÚN. Bóthar Dúin a tugtar air agus tá sé maith go leor fós. Deineadh é tar éis aimsear an Droch-Shaogail. Gheibhidís sgilling nó cúpla sgilling an lá mar dob' iad na Protastúnaigh a rinne an bóthar sin isteach chuig an eaglais Protastúnach sa Dún.
BÓTHAR na dTULACHATá sé ag dul isteach chuig portach. Tá portach ag gach duine i gCeathramhadh Garbh i dTulacha agus nuair a fuair siad an portach rinne siad an bóthar. Tá deis curtha air anois. Nuair a bhíodar ag deanamh an bhóthair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Droim Snámha, Co. na Gaillimhe