Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 500

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 500

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 500
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar bainne é.
    Fásann torthaí beaga ar an gcrann truim. Luibh an Chrainn Truim a tugtar air. Tá leigheas ann do chos nó lamh a bhéadh gortuighthe no leónta. Deirtear gur nimh é agus dá n-íosfeá é gheobhfá bás.
    Luibh eile seadh an Lus Mór. Déanann sé an díoghbháíl don talamh. Deirtear go bhfuil leigheas ann le h-aghaidh lot nó gearradh.
    Tá leigheas sa gcaonach dearg do at. Déanann sé díoghbháíl do'n talamh freisin.
    Deirtear go bhfuil raithneach an-mhaith do bheithidhigh a bheadh eitinn ortha.
    Fásann an botharán lacain in-áit bhog agus ta sé cosamhail le plandaí gabáiste. Bruitheann na daoine é agus itheann siad é. Tá sé go matih le h-aghaidh inntinn lag agus tinneas cinn. Leigheasann Eibheann dalladh mullóg ar chaoirigh.
    Tá luibh eile ann ar a dtugann siad an neantóg-chaoch agus tá nimh ann. Is minic a mharbhuigheann sé beithidhigh.
    Tá leigheas i bhfraochóga le h-aghaidh ba a bhíonn tinn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Droighneáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe