Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)

Suíomh:
An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire Ní Shionnacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 513

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 513

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Leathanach 513
  3. XML “Na Prátaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tugtar cáca "Boxty" air. Ar dtús glantar na fata le scín agus bristear an-mhín iad chun an sugh a bhaint asta. Cuirtear isteach i bpíosa éadaigh é agus fáisgtear an t-uisge go maith as. Measgtar plúr agus gréine salainn leis agus bainne agus cuirtear síos sa friochtán ag bácail. Ní dheintear mórán 'boxty' sa gceanntar seo anois ach deintí go leor de fado.
    Uaireannta déantar cáca fhataí agus cuireann cuid de na daoine an-dúil ann. Bruithtear na fataí ar dtús. Bristear suas go maith iad le gabhlóig. Cuirtear salann ortha agus plúr agus fuintear go maith é. Ní chuirtear aon bainne ann ach cuirtear píosa ime leis na fataí uaireannta. Leathnuightear amach é agus cuirtear síos ag bácaíl é.
    Biadh an-fhollaín seadh fataí. Fadó nuair nach raibh aon rud le n-ithe acu acht iad agus bhí na daoine i bhfad níos fhollaíne agus níos laídre ná mar atá anois. Fásann na fataí níos fearr in talamh maith ná in droch-thalamh. Ní fhásann na fataí ró-mhaith san gceanntar seo acht fásann siad maith go leor. Nuair a bhaintear na fataí nua, baintear an croiceann díobh agus bruithtear iad. Nuair a bhíonn siad bruithte, brúghtar iad le tuaraigín agus cuirtear salann ann. Cuirtear amach ar plátaí é agus cuirtear im agus bainne i bpoll i lár an phláta. "Cally" a tugtar ar sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Fhloinn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe