Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 553
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo iad cuid de na tighearnaí talmhan a bhí san gceanntar seo, An Tighearna Liathtroime, An Tighearna Mountmorris, agus an Tighearna Clements.Ní raibh cion ar bith ag na daoine ar an Tighearna Liathtroime. Tighearna an-dian ar fad do b'eadh éa gus cuireadh go leor daoine as seilbh nuair nach mbíodh an cíos acu, agus ní raibh truagh aige do dhuine ar bith. Chaith sé fear amach ar an mbóthar i gCeathramhadh Garbh. Breathnach do b'eadh é, agus fuair sé bás i dteach éigin ar an mbaile, i dteach Mháírtín Uí Spealáin agus i dTeach na mBocht a cailleadh a bhean.Chuir sé Tomás Ó h-Allbhuráin i gCloigcheann darbh ainm Uaitéar de Bhuitleár. Lá amháin tháínig protastunach isteach sa teach ag léígheamh an Bíobla dóibh. Ní dhearna Bean Uaitéir ach uisge fliuchta a chaitheamh air. D'imthigh sé ar an bpoinne agus d'innis sé do Liam Liathtrom céard a thárla dhó, agus tháinig seisean le na báíllí agus chaitheadar an líon-tighe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Liodáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe