Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí trí mhadadh ar bhruach an locha lá. Bhí siad deallruighthe leis an ocras. Siad na trí mhada a bhí ann, ná an mada allaidh, an mada uisge, agus an mada ruadh. Bhí siad in a suidhe annsin go ceann tamaill ag faire go mbéadh iasg ar fághail aca. Níor fhéad siad aon iasg d’fhághail. Annsin bhuail plan ar an mada ruadh agus dubhairt sé na trí drioball a chur san uisge. Annsin chuir siad na trí driobal san uisge. I gceann tamaill thóg an mada ruadh a driobal as an uisge agus chraith sé a driobal. Annsin chuir sé síos aríst é agus dubhairt sé le na madaidh eile gan a dhriobal a chorrú go mbhainfeadh an t-iasg greim astab. Annsin thóg sé aníos aríst a dhriobal agus dubairt sé an rud chéadhna aríst leobh. Annsin chuir sé síos aríst ann é. I gceann tamaill thóg sé aníos aríst as agus shuidh sé ar bhruach an locha. D’fhan an dá mhada san uisge gur tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Ruaidhín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Coill Uachtair, Co. na Gaillimhe