Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- XML Leathanach 167
- XML “Scéal an Mhada Rua”
- XML “Gaiscígh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an mhaidin agus bhí leac oidhre ar an uisge. Bhí an dá driobal greamuighthe do’n lic oidhre. Bhí siad ag tarraingt agus ag tarraingt gur fhágadar leath a driobal san uisge agus sin é an fáth go bhfuil driobal fada ar an mada ruadh agus dhá dhriobal gearr ar an dá mhada eile.
- Bhí Druim Dearg i na chomhnuidhe ar chreag Bhaile an Dubhlaoich. Bhí bróga air sé troigh dhá ordlach ar fhaid. Dhéanfadh siad cónra do fhear ar bith sa tír. Bhí sé i n-don crann mór a thógbháil as an talamh le láimh amháin agus bhainfeadh sé na géaga dó agus dhéanfadh sé maide siubhail dó. Bhí sé ag caitheadh cloch mór thar tighthe na ndaoine saidhbhear agus ag rithe amach tríd an dá dhoras ag breith annsin air sul a thuitfeadh sé ar an talamh. Bhí sé ag goid chuile rud ó na daoine saidhbhre agus dhá dtabhairt chuig na daoine bochta.
Tá creag Baile an Dubhlaoich taobh thiar de’n Bhaile. Atá an baile féin trí mhíle ó Ghaillimh ar bhóthar Átha Cinn.