Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
- Suíomh:
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Míchéal Ó Reachtabhra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní bhiodh Nodlaig ag na daoine fadó mar atá anois. Ní bhíodh morán bidhe acu mar atá ag na daoine anois. Ní bhíodh aon fheoil acu, tuairim is uair sa bliadhain a bhíodh fheoil acu uair sa mbhliadhain a d’iosadh siad ruainne fheola. Coinnle beaga a bhíodh lasta acu oidhche Nodlaig. Ní lasfeadh siad na coinnle lasta acu d’osglochadh siad na doirse agus d’fhágfadh siad na doirse oscailte i gcaitheamh na h-oidhche i cnáib a bhiodh na coinnle saidhte acu. Daoine an-chneasta a bhíodh ionntu bhiodh siad sásta le rudh ar bith a d’iosfadh siad. Bhíodh óil acu ar a dtugtaí sroibh bhíodh siad ag-chur go leor rudaí tríd agus annsin mheascfadh siad é le piosa ádhmaid stuf an-láidir a bhíodh ann. Dath bán a bhíodh air
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Briain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe