Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh

Suíomh:
Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Míchéal Ó Reachtabhra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 193

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0030, Leathanach 193

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramha 'n Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 193
  3. XML “Mo Cheantar Féin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí seacht dteach fhichid ann fadó. Níl ann anois acht aon teach fichid. Tá go leor daoine ann fós. Siad na h-ainmneacha atá ar na tighthe. Tá trí teach Casarlaigh ann, dhá theach h-Uigín ann. Tá dhá theach Gloinn ann. Tá dhá theach h-Ógáin ann. Tá ceithre teach Fathaigh ann. Tá teach amháin Feallamhain ann. Tá teach amháin Mac Atha ann agus teach amháin Breathnach ann agus dhá theach Chródha ann. Tá loch mór ann. Talamh an-mhaith atá ann. Níl choill ann ná droch-thalamh.
    Tá mise i mo chómhnuidhe i gCoill-Uachtair agus i bParáiste Caisleán Gearr. Sé an chiall atá le Coill Uachtair. Bí cnoc mór ann agus bhí go leor crann ag fás ann. Tá teach is fiche i gCoill-Uachtair. Tá dhá theach ceann slinne agus naoí déag de thighthe ceann tuighe ann.
    An t-ainm atá ar mo bhaile féin Corrach Mór. An t-ainm atá ar an Paráiste Baile an Chlár. An t-ainm atá ar an gConndae, Conndae na Gaillimhe. Tá go leór daoine ag cómhnuidhe thart ar an áit seo. Tá cúpla sean-duine ann freisin. An t-ainm atá orra. Micheál Ó h-Uigín, tá sé thart ar cheithre sgór. Tá sean-mháthair i dtígh h-Ógáin agus tá sí an-sean freisin. Tá go leór Gaedhilge acú. Tá sean-amhráin acu agus rudaí eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Stiophán Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe