Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Gríobhtha ag fágháil 12 scillinge sa tseachtmhain. Bhí beirt mac aige agus mharbhuigh cogadh na mbórs ceann aca. Bhíodh an Loinns[each] ag tabhairt olain agus ádhmadh do na boicht agus déarfadh sé le na chuid searbhántaí gan aon rud a stopadh ó na daoine bochta.Bhíodh gach cinneál torthai aige ins an ngarrdha mór agus bhíodh an ghairidheóirí aige freisin. Bhí an Loinnseach ag teacht abhaile as Gaillimh le na chuid capall agus a chóiste. Annsin dubhairt an buachaill go raibh cóiste a Bhlácaigh ag teacht in-a dhiaidh agus d'iarr an buachaill dhó an leigeadh sé amach tharis é agus dubhairt sé. Ar chuala tú ariamh Loinnseach Bhaile an Chuirrín a thug an chraobh leis. Annsin tháinig an dhá chóiste le chéile, annsin bhuail siad na capall agus bhuail siad na capaill agus bhuail an Loins[ea]ch amach é. Tar-éis tamaill annsin [ ] thainigeadar suas le fear as Connamara agus bhí asal agus péire cléibh air. Thosuigh an t-asal ag rith agus bhuail sé an Loinnseach no go dtáinig sé go dtí a gheata.
Annsin choinigh sé roimh an mbláca[ch] nó go dtáinig sé go dtí a theach ins an Furbó. Annsin d'iarr an blácac cé mhéad a bhí a bhí sé ag iarraidh ar an asal agus dubhairt an fear go raibh sé ag iarraidh naoi bpunt agus dubhairt an Bhlácac go dtiubhradh sé seacht bpunt dhó agus dubhairt [sé] nach dtiubhradh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Cuirrín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Troscaigh Thoir, Co. na Gaillimhe